Ar Seachrán ó Thuaidh
Bád de Chineál Eile
08.07.2009
Bhí sé socraithe agam go dtiocfainn abhaile go hEirinn roimh dheireadh an turais báid (le cead ón scipéir, ar ndóigh). Thapaigh mé an deis agus chuaigh mé i dtír go luath ar maidin. Ní raibh am agam an bricfeasta féin a chaitheamh ar bord. Bhí deifir chun farraige ar na mairnéalaigh agus bhí breis díosail le tógáil ar bord acu. Chaith mé roinnt ama ag iarraidh dul i dteagmháil leis an aerfort ar an bhfón ach sa deireadh d’éirigh mé as agus chuaigh mé amach ann ar an mbus. Bhí na seolta crochta ar Ar Seachrán agus iad ag seoladh amach an cuan nuair a bhí an bus ag déanamh a bhealaigh chuig an aerfort. Is gleoite an t-oileán é Barra, tránna móra fairsinge agus dumhcha gainimh air. Is ar an Tráigh Mhór i dtuaisceart an oileáin atá an t-aerfort agus is ar an ngaineamh féin atá an rúidbhealach (3 cinn éagsúla, marcáilte le cuaillí). Níl ach aerfort amháin eile sa domhan ina bhfuil a leithéid seo – Fraser Island san Astráil. Bíonn an clár ama ag brath ar an taoide agus clúdaíonn an fharraige an trá ag an lán mhara. Bíonn muintir na háite ag baint ruacan ar an trá agus nuair atá eitleán le tuirlingt nó le héirí ón talamh – crochtar cochall gaoithe chun fógra a thabhairt dóibh. Is Twin Otter le 16 suíochán an t-eitleán a mbaintear leas as. Chaith mé píosa den lá san aerfort sular imíomar ar deireadh i lár an tráthnóna agus thugamar ár n-aghaidh ar Ghlaschú.
Shroich Ar Seachrán tuaisceart Mhaigh Eo trí lá ina dhiaidh sin agus bhí fuireach calaidh orthu sa Bhaile Glas agus iad buíoch de Shell as múráil a chur ar fáil dóibh.
Barra
07.07.2009
Bhí scéalta go leor cloiste agam faoi Bharraigh agus cé chomh hálainn is a bhí sé agus bhí mé ag tnúth go mór leis. Bhí an ghaoth inár n-aghaidh agus muid ag imeacht amach an cuan ar maidin agus b’éigean dúinn imeacht faoi inneall go dtí gur thángamar timpeall ar Cheann …..
Ní raibh oiread is lá garbh amháin againn ar an bhfarraige ón lá a d’imíomar as Bodo agus bhí Bagh an Chaisteil beagnach bainte amach againn nuair a d’éirigh gaoth an-láidir amach ón talamh. Bhí ár ndóthain le déanamh againn agus an bád a sheoladh isteach sa chuan agus í sínte le gustaí gránna gaoithe. ’Sé Donncha a bhí ar an stiúir agus ba mhaith an fear stiúrach an lá sin é. Cheanglaíomar le pocán múrála agus bhí mise sách tuirseach tar éis na heachtra. Tar éis dul i dtír shocraíomar béile a chaitheamh i bproinnteach beag a raibh Indiach as Glaschú ina mhaor air. Bhí cuma mhaith ar an gclár bia agus nuair a tháinig sé ní raibh sé go dona ná an praghas basctha.
Dúradh linn agus muid ag imeacht as Steornabhagh gur cheart dúinn ae spártha a thabhairt linn go Barra mar go raibh cáil an óil ar mhuintir an oileáin agus ní droch-chomhairle a bhí ann. Bhí ceiliúradh de chineál éigin ar siúl san óstán agus é dírithe ar fhear an tí. Bhí gach sórt dí á chaitheamh siar agus níorbh fhada gur thosaigh Paddy ag bualadh an ghiotáir arís. An rud a chuir iontas orainn go raibh na bailéid Eireannacha uile ar eolas acu, cé gur dhream óg a bhí iontu. Is léir go bhfuil a suim dírithe orainne agus ní ar a ndeartháireacha ó thuaidh agus thoir díobh. Tá an tuairim go láidir ina measc nach bhfuil meas madra ag lucht Inse Ghall thuaidh orthu.
Go Sgitheanach Linn
06.07.2009
Nuair a chuimhním air, chaitheamar roinnt mhaith ama sna buncanna, ag ligint scíthe agus ag déanamh néal codlata. Bhí lá eásca eile againn agus muid ag rith roimhe leis an seol tosaigh bumáilte amach againn. Ní amháin sin ach bhí an bád ag seoladh léi go huathoibríoch ar feadh cuid mhaith den am. Ar Dhún Bheagain i Loch Bheagain ar an Eilean Sgitheanach a bhí ár dtriall, cuan atá caol foscúil ina uachtar. Tá tácla grinnill nó múráil bhuan leagtha ag an óstán in nDún Bheagain le haghaidh na luamh a thagann ar cuairt. D’fheistíomar ansin agus chuaigh mé féin agus an scipéir ag snámh mar ba ghnách linn a dhéanamh ó thosaíomar ar an aistear. Bhí teocht an uisce thart ar 15 céim agus bhí goile maith agam tar éis an tsnámha. Chuaigh mé féin agus an scipéir ag siúl siar go Caisleán Dhún Bheagain, a bhaineann le tiarna talún de Chlann Mhic Leoid. Ar ndóigh bhí sé dúnta an t-am sin den lá. Bhí óstán beag ar an mbaile agus buidéil bhiotáille agus eile le feiceáil tríd an bhfuinneog ach nuair a theannamar leis tháinig bean chuig an doras agus dúirt nach raibh aon bheár ann. Trasna an bhóthair ansin chuig an óstán mór agus ba é an scéal céanna é – ní raibh fáilte romhainn san óstán ach d’fhéadfaimis dul síos go dtí an beár thíos. Bhí an áit ciúin go maith ach ní raibh sé ró-fhada sular thosaigh an comhrá le seanfhear mór láidir agus d’éirigh linn roinnt cainte a dhéanamh leis i nGaeilge. Iascaire a bhíodh ann agus thosaíomar ag cur ainmneacha ar éisc agus sliogéisc. Ní raibh aon obair inchurtha le hiascaireacht gliomach, dar leis. Fear den sloinne Mac Suain a bhí ann agus dúirt sé nach raibh aon duine den sloinne sin fanta sa cheantar ach go raibh na céadta díobh in iarthar na hAstráile. Ní raibh aon mheas aige ar Ghaidhlig Steornabhaigh – bhí an iomarca Béarla ann dar leis (Beannacht leat a bhí aige le slán a fhágáil ag duine agus rud éigin le “Cheerie” ann i Leodhas). Bhí sé cáinteach freisin faoin nGaidhlig a bhí in uachtar i Sabhal Mór Ostaig agus é gearánach faoin lear mór airgid a bhí ag dul go Steornabhagh.
Domhnach in Inse Ghall
05.07.2009
Agus muid ag seoladh ó dheas le cósta thoir Leodhais, rinne mé suntas de loime an tírdhreacha. Bhí sráidbhailte beaga suite os cionn na farraige anseo is ansiúd agus chuimhnigh mé ar an am deireanach a sheol mé leis an gcósta seo – 22 bliain ó shin agus muid ag seoladh abhaile as na Scigirí (Oileáin Fharó) i mBád Chanraí – An St. Patrick – an húicéar is cáiliúla ariamh b’fhéidir. Bhí mé le beirt a bhí ar bord inniu – an scipéir Paddy agus Ruairí. Nach iomaí cor a tháinig sa saol ó shin! Maidin Domhnaigh agus muid ag seoladh isteach i gcuan foscúil Steornabhaigh, “príomh-bhaile na n-Eileanan” agus fios againn nach mbeadh dada ar oscailt – ní cheadaíonn an reiligiún a bhfuil an lámh in uachtar aige do na daoine siopaí a oscailt ná busanna a thiomaínt fiú. [Sheol an bád farantóireachta den chéad uair ariamh Dé Domhnach an 19ú Iúil 2009, cé go raibh agóid ar siúl ina aghaidh].
An rud a chuir iontas orm go raibh na tithe tábhairne ar oscailt – thugamar cuairt orthu agus fonn comhluadair agus ceoil orainn. Ar deireadh shocraíomar ar thábhairne beag ar an dug. D’éirigh linn iachall a chur ar fhear a bhí ina shuí ag an gcabhantar a ghiotár a fháil agus amhráin a chasadh. Rinne an scipéir sin againne a chion féin agus bhuail sé an giotár le roinnt amhrán meidhreach. Béarla uile a bhí le cloisteáil ar dtús againn agus bhí daoine as Leodhas, Na hEaradh agus Barra ann. Ach d’éirigh linn Gaidhlig a tharraingt astu ar deireadh agus bhí sí ag a bhformhór ón gcliabhán. Dúirt fear Bharra linn nach raibh a leithéid d’oíche caite aige ar an mbaile ó tháinig sé ann coicíos roimhe sin.
Scara Brae
04.07.2009
Bhí daoine lonnaithe in Inse Orc 5,550 bliain ó shin agus tá lorg lucht na tréimhse neoilití le feiceáil i Scara Brae. Chuamar ar cuairt ann agus rinneamar iontas de.
D’imíomar amach ar an bhfarraige ag 4 p.m. agus thugamar ár n-aghaidh siar i dtreo Inse Ghall. Bhí an fharraige an-chiúin agus gaoth anoir-aneas fórsa 1-2 agus ag 9 p.m. chonaic mé na deilfeanna (muca scabhairneacha?)seo ag teacht inár dtreo. Bhí cleachtadh maith agam ar an deilf choiteann agus ar an deilf bholgshrónach agus d’aithneoinn speicis eile (deilf Risso, an chráin dhubh, an píolótach) ach ní fhaca mé an cineál seo cheana. Is éard a bhí ann an deilf shocbhán (Lagenorhynchus albirostris).
Hamnavoe - Caladh Ciúin
03.07.2009
D’imigh muid as Fair Isle ó dheas agus siar i dtreo Inse Orc. Tá an t-orc forleathan i logainmneacha in iarthuaisceart na hEorpa. Rinneamar ár mbealach idir na hoileáin éagsúla agus chasamar ó dheas le cósta thiar an “Mainland” mar a thugtar ar an bpríomhoileán. Bhí gaoth bhreá amach ón talamh againn agus muid ag seoladh le cósta. Is é Hamnavoe (a chiallaíonn caladh ciúin) a bhí ag na Lochlannaigh ar an mbaile a dtugtar Stromnesss anois air. Cé go bhfuil an caladh ciúin, níl an sunda ó dheas de Ness, áit a mbíonn sruthanna fíochmhara, agus sin an bunús atá leis an bhfocal eile Lochlannach. Is focal Lochlannach ar cheann tíre é Ness agus tá sé coitianta i logainmneacha. Shroicheamar an calafort deireanach sa tráthnóna agus bhí muiríne luamh ann. Ar éigean a bhí an bád feistithe againn nuair a tháinig loingseoir Eireannach chugainn – Frank Savino as Baile Atha Cliath agus a pháirtí Ann – bhí luamh beag 26’ fágtha acu sa mhuiríne ar feadh an gheimhridh. Shocraíomar an mhaidin lárna mhárach a chaitheamh ar an oileán.
’
Pócaí Folmha & Cloigne Tinne
02.07.2009
Bhí oíche mhaith aréir againn – tá sé sin cinnte. D’imigh Ruairc agus Darach ar maidin go luath agus d’airigh mé uaim go mór iad – b’iontach an comhluadar a bhí iontu. Amach linn ar an bhfarraige ag 8 a.m. agus ár n-aghaidh ar Fair Isle ó dheas. Bhí ceo tiubh ar an bhfarraige agus gaoth lag anoir aneas ann. Níor thóg sé ró-fhada orainn an t-oileán a bhaint amach agus sruth na taoide linn. Is oileán sceirdiúil atá ann agus tá an leath thuaidh den oileán faoi smacht an National Trust for Scotland mar gur tearmann éan fíorthábhachtach atá ann. Bhí an áit beo le héin – forachain, puifíní, crosáin, fulmair, meirligh mhara (seabhaic chac faoileáin) agus iad ag faire a neadracha agus ag teacht agus ag imeacht le héisc bheaga mar bhia do na héin óga. B’éigean dom mé féin a chaitheamh ar an talamh roinnt uaireanta chun éalú ón meirleach mara agus é ag iarraidh mé a ionsaí ón aer. Chuamar ag siúl ar an oileán agus thángamar ar sheipéal a raibh gloine dhaite bhreá ann. Tá an séipéal á úsáid mar leabharlann don phobal chomh maith. Thart ar cheithre scór duine atá ina gcónaí ar an oileán agus creid é nó ná creid, is as Port Laoise an múinteoir bunscoile atá i mbun na scoile a bhfuil ochtar dalta ag freastal uirthi – fear den ainm Bracken.
Athrú Criú
01.07.2009
Tháinig Donncha agus Páid ar maidin go luath. Chaitheamar an lá ag cur aithne ar an mbaile – tá neart le feiceáil ann. Tá musaem den scoth ann – is fiú go mór é a fheiceáil. Tháinig bean as An Rinn (Port Láirge) ar cuairt orainn – bhí sí féin agus a páirtí (Andrew) ar bord luaimh dá gcuid féin – ceann breá mór (tuairim 65’) darb ainm Arctic Tern. Ní raibh ach an bheirt acu i mbun an bháid mhóir seo agus iad ar an mbealach chuig na hOileáin Fharó (Na Scigirí). Thugadar cuireadh dúinn dinnéar a ithe ina gcuideachta. Chuir Donncha anró air féin agus chuaigh sé ag lorg diúilicíní le tabhairt chuig an bhféasta – agus féasta a bhí ann gan dabht. Is loingseoir agus ceoltóir í bean Na Rinne (Máire Bhreathnach). Chuamar uile i dtír chuig an bpub ina raibh an ceol. Bhí togha na bhfidléirí ann agus iad á dtionlacan ag giotáir, pianó, pianóchairdín agus druma. Bhí an-bheocht iontu agus chas bean na Rinne roinnt port ar an gconsairtín chomh maith.
Whalsay agus Lerwick
30.06.2009
Chuireamar an-suim sna logainmneacha agus tionchar na Lochlannach orthu. Thugamar cuairt ar Whalsay agus chuaigh beirt againn ag snámh sa chalafort – bhí an t-uisce fuar (13.5 céim C) agus blas díosail air. Bhí sé i gceist againn an oíche a chaitheamh ansin ach nuair a fuaireamar amach nach raibh aon teach tabhairne ann socraíodh imeacht arís. Ach sular imigh, rinneadh Ruairc babhtáil le hiascaire – leath-bhuidéal fuisce ar ghliomach. Is éard atá sa phictiúr teach Hainseatach atá sa chalafort.
Shroicheamar Lerwick, príomhbhaile na Sealtainne (go bhfios dom), thart ar 9 p.m. agus cheanglaíomar leis an bpontún. Bhí dinnéar ar bord againn agus thugamar sracfhéachaint ar an gcuid sin den bhaile ba ghaire dúinn.
Isteach go hUnst
29.06.2009
Tháinig támh chodlata orm tar éis mo sheal a bheith déanta agam ar faire agus bhí mé i mo bhunc agus muid ag teacht isteach sa sunda a dtugtar Baltasound air go dtí oileán Unst sa tSealtainn. D’éirigh mé agus téad á fheistiú i dtír. Bhíomar uile ag súil go mór le teacht i dtír agus le cithfholcadh a ghlacadh. Luamh amháin eile agus dhá bhád iascaigh a bhí sa chéibh. Talamh sléibhe a bhí le feiceáil thar timpeall orainn, gan oiread agus tom ná crann in aon áit. Chuamar i dtír agus thóg mise rothar ar cíos leis an gceantar a fheiceáil. Bhí stad bus ann nach bhfacthas a leithéid ariamh – é feistithe amach le cathaoir bhog bhándearg, piliúir bhándearga, leabhar do chuairteoirí, etc.. féach an pictiúr atá leis seo. Níos faide amach sa lá tháinig fear síos chugainn ar an gcéibh agus thug sé cuireadh dhúinn dul ar cuairt ar mhúsaem mara a bhí bunaithe aige. Duncan Sandison atá ar an bhfathach fir agus músaem den scoth tógtha aige ar a dtugtar Unst Boat Haven. Tá samplaí de bháid thraidisiúnta na Sealtainne ann agus de cheann as Oileáin Faroe – báid chlinse le dhá cheann iad uile.

